Bhaineamar an-taitneamh as Seachtain na Gaeilge i mbliana. Bhí spórt agus spraoi againn go léir! Bhí raidió SnaG á chraoladh gach lá. Bhí an-chraic againn ag an céilí mór. Ghlacamar páirt i dtráth na gceist boird. Rinneamar sár-iarracht Gaeilge a labhairt timpeall na scoile.
Míle buíochas leis an chór Gaelach as na hamhráin deasa a chan siad. Buíochas freisin le rang Suzanne as an gceol binn agus an dráma iontach! Bhaineamar sult as an ‘mbodhránaíocht’ – go raibh míle maith agaibh, Elaine agus Edel!