Bhí Seachtain na Gaeilge 2012 ar fheabhas! Bhí an-chuid imeachtaí Gaelacha ar siúl sa scoil i mbliana.
Bhí an-chraic againn ag an gcéilí mór! Feachaigí..
Bhaineamar an-taitneamh as an tráth na gceist boird. Bhí spóirt agus spraoi againn agus ‘muid ag dul timpeall na scoile ar tóir ciste. Rinne gach aon duine sár-iarracht Gaeilge a labhairt timpeall na scoile. Bhaineamar sult as an gceolchoirm iontach a bhí ar siúl ar an Aoine. Míle buíochas daoibh go léir as ucht bhur niarracht!
Bhí tráth na gceist boird ag rang Suzanne agus rang Grace..